Tá leagtha amach san Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach: Tuarascáil Chomhairleach cuspóir agus fís shoiléir le haghaidh sraith shinsearach athfhorbartha mar aon le treochlár chun Creat don tSraith Shinsearach a chruthú. Mar bhonn agus mar thaca faoin obair seo, i gcónaí, beidh teagmháil dhíreach le páirtithe leasmhara agus le scoileanna.
Tá an Tuarascáil Chomhairleach leagtha amach ina cheithre chaibidil. Tugann caibidil a haon léargas soiléir ar an gcuspóir, an fhís agus na prionsabail threoracha a stiúrfaidh gach duine, a bhfuil baint acu leis an oideachas, agus an tsraith shinsearach á hathfhorbairt sna blianta amach romhainn. Déanann caibidil a dó cur síos ar an obair atá le déanamh ag CNCM, i gcomhpháirt le scoileanna agus páirtithe leasmhara, a chuimsíonn trí phríomhréimse: Conairí agus Solúbthacht, Comhpháirteanna den Churaclam agus Measúnú, Tuairisciú agus Aistriú. Díríonn caibidil a trí ar na príomhfhachtóirí – nó ‘coinníollacha fabhracha’ – atá riachtanach chun tacú le hathfhorbairt na sraithe sinsearaí. Ar deireadh, leagann caibidil a ceathair plean and sceideal amach d’athfhorbairt na sraithe sinsearaí thar thrí chéim fhorluiteacha.
Tuarascáil Chomhairleach ar an tSraith Shinsearach
Tranche 1
As part of Tranche 1, it is envisaged that a revised specification for Leaving Certificate XXXXX will be introduced in schools from September 2024. This timeline shows all the steps involved in the development of the subject specification and indicates which stages have already been completed, which stages are yet to be undertaken and which stage is currently the active stage.
NEED IN IRISH
Tranche 1
Rinneadh cuairteanna scoile
Tá CNCM tar éis cuairt a thabhairt ar roinnt scoileanna mar chuid den obair chun aiseolas a bhailiú ar an gcuraclam reatha agus ar fhorbairtí féideartha amach anseo.
Tranche 1
Tionóladh an Mheitheal Forbartha
Tionóladh an Mheitheal Forbartha ar an [DÁTA] agus tá a cuid oibre le críochnú faoin [DÁTA].
Tranche 1
Cáipéis Eolais agus Treoir le foilsiú
Foilsítear an Cháipéis Eolais agus Treoir ar líne tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle. Cuireann sí bonn faoi obair na Meithle Forbartha agus cuimsítear taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta inti lena n-áirítear agallaimh le bainistíocht scoile, múinteoirí ábhair agus scoláirí ó roinnt scoileanna.
Tranche 1
Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Osclófar an comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir idir an [DÁTA] agus an [DÁTA].
10 DFómh 2025 - 30 Samh 2025
Tranche 1
Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Foilsítear an tuarascáil ar an gCáipéis Eolais agus Treoir tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle agus foilsítear ar líne í.
Tranche 1
Forbairt agus foilsiú na Dréachtsonraíochta Curaclaim
Agus iad faoi threoir ag an Treoir maidir lena cuid oibre agus aiseolas ón gcomhairliúchán ar an gCáipéis Eolais, ullmhaíonn an Mheitheal Forbartha dréachtsonraíocht churaclaim. Foilsítear an Dréachtsonraíocht Churaclaim tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle.
Tranche 1
Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Osclófar an comhairliúchán poiblí ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim idir an [DÁTA] agus an [DÁTA].
1 MFómh 2026 - 20 DFómh 2025
Tranche 1
Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Tá an Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim faofa ag an mBord agus ag an gComhairle araon agus foilsíodh ar líne í. Baineann an Mheitheal Forbartha úsáid as na torthaí ón Tuarascáil ar an Dréachtsonraíocht leis an tSonraíocht a thabhairt i gcrích.
Tranche 1
An tSonraíocht Churaclaim deiridh faofa ag an gComhairle
Ní mór don Bhord plé a dhéanamh ar an tSonraíocht Churaclaim deiridh agus faomhadh a fháil ón gComhairle sular féidir í a chur ar aghaidh chuig an Aire Oideachais agus Óige lena faomhadh don uair dheireanach.
Tranche 1
Faomhadh agus foilsiú an Aire
Tá faomhadh déanta ag an Aire ar an tsonraíocht agus tá sí ar fáil ar curriculumonline.ie
Tranche 1
Foilsíodh treoirlínte chun tacú leis an gComhpháirt Mheasúnaithe sa Bhreis
Forbraíonn CNCM treoirlínte CMB i gcomhar le Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus tacaíonn an Roinn Oideachais agus Óige, Oide agus fócasghrúpaí múinteoirí leo.