Cuireadh tús le forbairt sonraíocht nua Matamaitic Fheidhmeach i mí na Samhna 2014.
Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil chomhairliúcháin don Mhatamaitic Fheidhmeach don Ardteistiméireacht ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shinsearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.
Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na Matamaitice Feidhmí ó réimse comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.