06 Márta, 2024
Osclaíonn comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile
Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, tá CNCM ag tabhairt faoi chomhairliúchán ar na Dréachtsonraíochtaí Curaclaim Bunscoile san Oideachas Ealaíon; ar na Nuatheangacha Iasachta i gCuraclam Teanga na Bunscoile; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); ar an Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht (ETI); agus ar an bhFolláine.
Beidh an comhairliúchán ar siúl go dtí an 7 Meitheamh agus is féidir páirt a ghlacadh ann in go leor bealaí, amhail freastal ar cheann dár ngrúpaí fócais fisiceacha nó ar líne; ceistneoir ar líne a chomhlánú nó aighneacht scríofa a sheoladh chugainn. Ba mhaith linn cloisteáil ón oiread daoine is féidir, mar sin déan cinnte de agus tapaigh an deis seo chun do thuairimí a chur in iúl!
Chun na cúig dhréachtsonraíocht churaclaim a léamh nó chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcomhairliúchán seo, tabhair cuairt ar ár leathanach comhairliúcháin anseo.