- Dréachtsonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí
- Forbairt Ábhair
- Tuairisc ar Chur i bhFeidhm Luath
- Sonraíocht
- Ábhair Bhreise
Tá an dréachtsonraíocht le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí faofa le haghaidh comhairliúcháin phoiblí.
Maireann an tréimhse chomhairliúcháin ó Dé hAoine an 3 Bealtaine go dtí Dé hAoine an 10 Lúnasa 2024.
Is éard atá i gceist leis an gcomhairliúchán ná teagmháil dhomhain le réimse leathan páirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Tugaimid cuireadh duit a bheith páirteach agus do thuairim a chur in iúl ar an dréachtsonraíocht. Is féidir leat:
• suirbhé ar líne a líonadh isteach
• aighneacht scríofa a líonadh isteach tríd an bhfoirm ar líne
• freastal ar ghrúpaí fócais réigiúnach nó ar líne.
Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo linn chun bonn eolais a chur faoi obair Ghrúpa Forbartha na Nua-Theangacha Iasachta sa tSraith Shóisearach chun an dréachtsonraíocht a fheabhsú tuilleadh sula ndéanfar í a fhaomhadh agus a fhoilsiú.
Tugadh isteach an tsonraíocht le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta in 2015.
Déantar iniúchadh sa gcáipéis eolais agus tuarascáil chomhairliúcháin do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa sraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.
- Cáipéis Eolais do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí
- Treoir do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí
Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na Nuatheangacha Iasachta ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe an ghrúpa forbartha anseo.
- Tuairisc ó Chruinniú 1 agus 2 den Ghrúpa Forbartha Nuatheangacha Iasachta
- Tuairisc ó Chruinniú 3 den Ghrúpa Forbartha Nuatheangacha Iasachta
- Tuairisc ó Chruinniú 4 den Ghrúpa Forbartha Nuatheangacha Iasachta
- Tuairisc ó Chruinniú 5 den Ghrúpa Forbartha Nuatheangacha Iasachta
- Tuairisc ó Chruinniú 6 den Ghrúpa Forbartha Nuatheangacha Iasachta
Forbraíodh dréachtsonraíocht Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí agus seoladh amach é i gcomhair sainchomhairliúcháin phoiblí.
I gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach (2015), tugadh isteach sonraíochtaí ábhair nua do Nuatheangacha Iasachta agus Amharc-ealaín na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017 mar chuid de Chéim 3 de thabhairt isteach sonraíochtaí nua ábhair. Thug an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi athbhreithniú ar an léargas luath idir Feabhra agus Márta 2023 chun aiseolas a bhailiú agus chun na nithe seo a leanas a mheas agus a fhiosrú:
- an chaoi a bhfuil ag éirí leis na sonraíochtaí an fhoghlaim lena bhfuiltear ag súil sna hábhair sin agus sa Chreat don tSraith Shóisearach go ginearálta a chur chun cinn
- gnéithe measúnaithe de na hábhair agus tuairimí na scoláirí agus na múinteoirí orthu
- conas a úsáideann múinteoirí a mbreithiúnas gairmiúil d’fhonn an tsonraíocht nua a stiúradh sna scoileanna agus sna seomraí ranga.
D’aimsigh an tuarascáil ar chur i bhfeidhm luath de Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí láidreachtaí agus dúshláin. Mar fhreagairt ar na dúshláin a aimsíodh sa tuarascáil, tionólfaidh CNCM Meitheal Forbartha chun leasuithe beartaithe ar an sonraíocht agus na Treoirlínte Measúnaithe do Nuatheangacha Iasachta a chur chun cinn. Is féidir an tuarascáil iomlán agus an Achoimre a léamh thíos.
Is é aidhm na sonraíochta le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí scileanna cumarsáideacha teanga a fhorbairt atá ag teacht den chuid is mó le banda A (A1 go A2, Úsáideoir Bunúsach) den Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha agus lena thuairisceoirí. Aidhm eile atá leis ná cur ar chumas an scoláire an t-idirspleáchas idir teanga agus cultúr a fhiosrú, forbairt a dhéanamh ar an léirthuiscint atá aige dá ábhartha atá teangacha dá shaol chun críocha pearsanta, sóisialta, oideachasúla, gairme agus fóillíochta, agus taitneamh a bhaint as foghlaim teanga.
Tá sonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí, na Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí Oibre ar fáil anseo.
Tá eolas maidir leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha ar fáil anseo.