Taighde agus Foilseacháin

Taighde agus Foilseacháin

Tá nuashonrú déanta ar Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige. Is féidir an taighde a bhí mar bhonn faoin bpróiseas nuashonraithe a aimsiú anseo.

Is féidir taighde ó foilsíodh an Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige (2024) a aimsiú anseo. 

Choimisiúnaigh CNCM an Dochtúir Caroline Guard, an Roinn Beartais agus Idirghabhála Sóisialta, Ollscoil Oxford, chun athbhreithniú a dhéanamh ar an litríocht ar chearta agus cumas gníomhúcháin le haghaidh naíonán, lapadán agus leanaí óga. 

Choimisiúnaigh CNCM an Dochtúir June O’Sullivan, Institiúid Luathbhlianta Londan, chun athbhreithniú a dhéanamh ar litríocht ar oideachas don fhorbairt inbhuanaithe sa luath-óige.

Choimisiúnaigh CNCM an tOllamh Iram Siraj, Roinn Froebel um Oideachas Bunscoile agus Luath-Óige, Ollscoil Mhá Nuad, chun athbhreithniú a dhéanamh ar litríocht ar chur chuige curaclaim éirithigh atá bunaithe ar fhiosrú sa luath-óige.